Caointe agus Amhráin Chrúite by Méadhbh Nic an Airchinnigh and Lillis Ó Laoire

22
Aiste 4 (2014), 155176 Caointe agus amhráin chrúite: Is le gach bó a lao agus is le gach caoineadh a cheol’ Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire Ollscoil na hÉireann, Corcaigh & Gaillimh ABSTRACT Even though vocal music of lament may be the oldest Irish form of music to survive, because its texts are in the Irish language musicologists avoid it. Conversely, Gaelic scholars tend to treat the text alone without discussing the musical component. This paper, following the pioneering work of Breandán Ó Madagáin on the music of Irish lament, introduces a milking song from Co. Cork and compares it to a fragment of the lament Caoineadh Airt Uí Laoghairecollected in Co. Waterford. The authors suggest that similar musical features in these two twentieth-century musical examples and also in an eighteenth-century example of a lament from Co. Donegal, point to a certain coherence that may comprise a specific genre reflected also in the poetic metre. From the examples studied it is shown that a specific musical scale was used during laments and milking songs, suggesting that a generic type of music could be used in a range of genres as a vehicle for extempore composition and expression in other occupational spheres of women’s lives. Titeann staidéar na hamhránaíochta Gaeilge idir dhá stól go minic. Go stairiúil in Éirinn, go háirithe i gcás na filíochta, chuir scoláirí Gaeilge suim sna téacsanna Gaeilge gan mórán aird a dhíriú ar na foinn cheoil a bhí ag gabháil leo. Is tearc scoláire a bhfuil saineolas aige/aici ar léann an cheoil agus ar léann na Gaeilge ar aon, cé go bhfuil eisceachtaí Tugadh leagan den páipéar seo ag Comhdháil Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 8 Deireadh Fómhair, 2011. Táimid buíoch den Oll. Breandán Ó Madagáin, den Dr Tríona Ní Shíocháin agus den Dr Deirdre Ní Chonghaile a spreag machnamh agus a mhol leasuithe ar an alt seo. D’fhás an obair seo ag céim PhD a dhein Méadhbh Nic an Airchinnigh faoi stiúir an Dr Lillis Ó Laoire ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (2012).

Transcript of Caointe agus Amhráin Chrúite by Méadhbh Nic an Airchinnigh and Lillis Ó Laoire

Aiste 4 (2014), 155–176

Caointe agus amhráin chrúite:

‘Is le gach bó a lao agus is le gach caoineadh a cheol’

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

Ollscoil na hÉireann, Corcaigh & Gaillimh

ABSTRACT Even though vocal music of lament may be the oldest Irish form of music to survive, because its texts are in the Irish language musicologists avoid it. Conversely, Gaelic scholars tend to treat the text alone without discussing the musical component. This paper, following the pioneering work of Breandán Ó Madagáin on the music of Irish lament, introduces a milking song from Co. Cork and compares it to a fragment of the lament ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ collected in Co. Waterford. The authors suggest that similar musical features in these two twentieth-century musical examples and also in an eighteenth-century example of a lament from Co. Donegal, point to a certain coherence that may comprise a specific genre reflected also in the poetic metre. From the examples studied it is shown that a specific musical scale was used during laments and milking songs, suggesting that a generic type of music could be used in a range of genres as a vehicle for extempore composition and expression in other occupational spheres of women’s lives.

Titeann staidéar na hamhránaíochta Gaeilge idir dhá stól go minic. Go stairiúil in Éirinn, go háirithe i gcás na filíochta, chuir scoláirí Gaeilge suim sna téacsanna Gaeilge gan mórán aird a dhíriú ar na foinn cheoil a bhí ag gabháil leo. Is tearc scoláire a bhfuil saineolas aige/aici ar léann an cheoil agus ar léann na Gaeilge ar aon, cé go bhfuil eisceachtaí

Tugadh leagan den páipéar seo ag Comhdháil Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 8 Deireadh Fómhair, 2011. Táimid buíoch den Oll. Breandán Ó Madagáin, den Dr Tríona Ní Shíocháin agus den Dr Deirdre Ní Chonghaile a spreag machnamh agus a mhol leasuithe ar an alt seo. D’fhás an obair seo ag céim PhD a dhein Méadhbh Nic an Airchinnigh faoi stiúir an Dr Lillis Ó Laoire ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (2012).

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

156

tábhachtacha i gceist. Mar aon leis sin, go traidisiúnta is disciplín í an Ghaeilge atá dírithe ar fhocail agus an teangeolaíocht ina cuid fhíorlárnach di. Mar sin, fágadh léann na Gaeilge ar thaobh amháin agus léann an cheoil ar an taobh eile gan mórán teagmhála eatarthu don chuid is mó. Ach le roinnt blianta anuas, tá an scéal ag athrú agus glactar le hobair idirdhisciplíneach idir ranna éagsúla mar ghnáthchuid den saothrú acadúil. Ní foláir féachaint ar an gceol agus ar an nGaeilge in éineacht.

Caithfear leanúint ar aghaidh leis an obair atá déanta ag Breandán Ó Madagáin ar cheol an chaointe, ós eisean is mó a cheangail na téacsanna Gaeilge do na foinn atá ar marthain. Agus é ag tagairt do cheol an chaointe go speisialta, deir an Madagánach gur mó seans go bhfuil ceol an chaointe chomh seanda céanna is atá véarsaíocht an chaointe:

Vocal music of lament is probably the oldest Irish music to have survived. If it can be established how the different kinds of poetic laments were performed musically […] then given the conservatism of Irish tradition — most of all with regard to the rites attending something as elemental as death — the great likelihood is that the music will be found to be as old as the verse compositions themselves, and an integral part of the age-old tradition to which these belong. (Ó Madagáin 1981, 311)

Diúltaíonn Breandán Ó Buachalla don téis seo á rá nach gá go raibh aon fhoinn ceoil, nó fonn ceoil ar bith ag baint le Caoineadh Airt Uí Laoghaire ó thús, cé gur chualathas blúirí de á rá/seinnt — le foinn difriúla — i nGaeltachtaí na Mumhan san fhichiú haois (1998, 31). Glacann Ó Buachalla leis gur cheart an ‘cheist chasta seo — ceist an cheoil agus na véarsaíochta Gaeilge trí chéile — gur cheart í a fhágáil faoi scoláire éigin amach anseo a mbeidh traenáil ghairmiúil sa cheoleolaíocht agus i léann na Gaeilge araon uirthi/air’ (ibid.). Ag an am céanna, ní shéanann sé gur gá ‘bunús na téise maidir le ceol “Caoine Airt Uí Laoire” atá curtha chun cinn ag Ó Madagáin a scrúdú’ (ibid., 30). Cé go bhfuil go leor samplaí eile a d’fhéadfaí a phlé, roghnaíodh dhá shampla ceoil mar, in ainneoin go gcantar iad ar ócáidí difriúla, tá tréithe comónta ceoil eatarthu.1 Taispeánfar san alt seo go

1 De bharr easpa spáis, ní féidir gach píosa ceoil caointeoireachta a scrúdú anseo ach tá staidéar níos cuimsithí déanta ar an ábhar seo sa tráchtas neamhfhoilsithe le Nic an Airchinnigh, 2012. I gcaibidil a sé den taighde seo scrúdaítear seacht bpíosa ceoil caointeoireachta agus tugann an fhianaise le fios go bhfuil tréithe

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

157

raibh agus go bhfuil feidhm dheasghnátha ag ceol i saol an duine. Ceol so-aitheanta a úsáidtear le linn ócáidí áirithe: an t-anam a chur ar aghaidh go dtí an saol eile, nó bó a mhealladh chun bainne a thál – bhí feidhm dhraíochtúil faoi leith ag an gceol áirithe sin.2 Is fiú féachaint ar an gcaointeoireacht ó pheirspictíocht an cheoil, mar tugann sé léargas sainiúil breise dúinn ar an nós. Caithfear an pictiúr iomlán a mheas, déanfar éagóir ar an gcleachtas má fhéachtar uirthi ó pheirspictíocht liteartha amháin.

CEOL SO-AITHEANTA

Ní toisc gur chualathas blúirí de ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ á rá/seinnt — le foinn difriúla — i nGaeltachtaí na Mumhan san aois seo go raibh aon fhonn ceoil acu sin ag baint leis, nó fonn ceoil ar bith ag baint leis, ó thus. (Ó Buachalla 1998, 31)

Is fíor don Bhuachallach gur breacadh blúirí ceoil de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, ó bhéalaithris Labhráis Uí Chadhla i 1940 ó Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge agus ó bhéalaithris Mháire Bean Uí Chonaill, ón Muileann, Baile Mhuirne, Co. Chorcaí i 1941 (de Noraidh 1965, 28). Anuas air sin, tá tagairt do Chaoineadh Airt Uí Laoghaire againn ón gceathrú deiridh den ochtú haois déag in iardheisceart na hÉireann. In aistriúchán Béarla ar chuntas a scríobh Francach darb ainm Charles Étienne Coquebert de Montbret (1755-1831)3 ar a bhealach ó Chaisleán na Mainge go Trá Lí i 1790, déanann an staraí Síle Ní Chinnéide (1973, 83) tagairt do Chaoineadh Airt Uí Laoghaire

comónta eatarthu .i. tosaíonn agus críochnaíonn na caointe ar an tríú nóta den scála, déantar an séú nóta a sheachaint agus críochnaíonn ceol an chaointe le nóta troitheán buaine (‘sustained pedal note’, .i. cantar an nóta deireanach céanna faoi cheathair) go minic. Tugaim an tríú nóta ar an nóta d seo ‘mi’ agus tugaim an séú nóta ar an nóta g seo ‘lah’ mar glacaim leis go bhfuil an caoineadh seo i mionghléas módúil (‘minor modal scale’) B. 2 D’fhéadfaí suantraithe a chur sa chatagóir seo — seánra eile a bhaineann le hobair na mban. Is fiú go mór féachaint ar Ó Madagáin 1989. 3 Cuireadh an fear uasal seo go Baile Átha Cliath sa bhliain 1789, mar agent général de la Marine et du Commerce i seirbhís an rialtais. D’fhan sé in Éirinn go dtí 1 Lúnasa 1793. De bharr gur i mBaile Átha Cliath a bhí sé d’éalaigh sé ón ghéarleanúint agus an díbirt a rinneadh ar na huaisle i bPáras le linn na Réabhlóide (http://www.annales.org/archives/x/coquebert.html. Ceadaíodh 7 Nollaig 2012). Tá na Carnets, na leabhair, a d’fhág sé mar fhianaise ar a chuid ama in Éirinn thar a bheith spéisiúil. (Tá na húdair buíoch den Oll. Jane Conroy, Roinn na Fraincise, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, speisialtóir ar de Montbret.)

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

158

mar ‘the song of Madame O’Leary’. Is fiú sliocht iomlán Uí Chinnéide as leabhar nótaí de Montbret a thabhairt anseo:

Before leaving the house, women improvise verses (sung to some well-known melody) in praise of the defunct, recalling his exploits and the generosity of his ancestors. These women are paid for their lamentations, and the higher the payment the more they lament. Some of the lamenters are quite astonishing. One, a Mme Mahoni, is especially famous in these parts and the song of Mme O’Leary on the death of her husband is praised above all others. (Ní Chinnéide 1973, 92)4

Is é an frása cuí i láimhscríbhinn de Montbret: ‘le chant de Mme O’Leary’ (de Montbret 1790, 151). Mar sin, is cuntas é sin a scríobhadh seacht mbliana déag i ndiaidh an eachtra ar fad (cailleadh Airt Ó Laoghaire i 1773), agus is fianaise thábhachtach é dá réir sin i dtaobh an ábhair atá á plé againn san alt seo. Ardaíonn tagairt de Montbret don Chaoineadh agus an focal chant á úsáid aige ceist arís i dtaobh cheol an chaointe. Sé bhrí a thugann an foclóir Larousse don fhocal chant. Forme poétique a chuirtear in iúl le brí a cúig, rud a chuirfeadh in iúl seans nach raibh an ceol i gceist leis. D’ainneoin na céille seo, tá tois an cheoil i gceist le gach ceann de phríomhbhríonna an fhocail. I mbríonna a haon agus a dó tugtar na focail chanson agus mélodie mar mhalairtí.5 Mar sin, déantar leis an fhocal chant, is dóigh linn, pointe láidir a thacaíonn leis an tuiscint go raibh ceol i gceist le ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’. Tagraíonn cuntas de Montbret don Chaoineadh i gcomhthéacs cleachtais a bhí á chleachtadh go laethúil agus bean chaointe ainmniúil, bean Uí Mhathúna (‘Mme Mahoni’), a lua in aon alt le hEibhlín Dubh, amhail agus gurbh ionann an gnó a bhí ar siúl acu beirt. Más féidir glacadh le fianaise de Montbret mar theist bhailí ar a bhfaca agus ar ar chuala sé, mar sin, tá bunús maith ann lena chreidiúint go raibh Caoineadh Airt Uí Laoghaire á chanadh mar phíosa ceoil go han-luath tar éis a chumtha. Más amhlaidh atá, tá bunús chomh maith leis an tuairim gur cuireadh ceol leis an gcaoineadh ar ócáid a chumtha agus, más fíor gur Eibhlín Dubh Ní

4 Tá an buntéacs as ar tógadh an sliocht seo, carnet nó leabhar nótaí le de

Montbret ar mhicreascannán i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’éirigh linn an micreascannán sin a cheadú don alt seo chun an bhun-Fhraincis a scrúdú. 5 http://www.larousse.com/en/dictionnaires/francais-anglais/chant. Ceadaíodh 7 Nollaig 2012.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

159

Chonaill a dhein an dán, gurb í féin a chuir ceol leis os cionn coirp a fir chéile. Ní ceart go ndéanfaí iontas de gur chuir caointeoirí ceol lena gcaointe mar bhí ceol agus véarsaíocht fite fuaite sa chaoineadh mar a deir an Madagánach (1992, 165). Ní in Éirinn amháin a bhí ról lárnach ag an gceol sa chaoineadh. Chuir caointeoirí na Gréige agus i dtíortha eile nach í ceol lena gcaointe chomh maith chun go gcorrófaí an lucht éisteachta.6

Dá réir sin, tagann fianaise de Montbret leis an tuiscint atá pléite ag Ó Madagáin, gur fonn so-aitheanta a bhíodh ar eolas go maith a bhíodh ag na mná caointe, bunaithe ar fhianaise Labhráis Uí Chadhlaigh ón bhfichiú haois.7 Is léir ó shliocht de Montbret gur focail agus ceol le chéile atá i gceist sa chur síos a dhéantar ar a bhfuil ar siúl ag na mná. Mar sin, sa chuntas seo, tá fianaise chinnte againn ar chumadóireacht filíochta agus guth ceoil á chur léi. Gan amhras bhí an stoc foirmlí ar eolas ag an mná caointe roimh ré, agus mar a deir Ó Tuama:

Ní mór é ár n-iontas go dtarraingeodh mná caointe go fial as an stóras mór de théamaí is de nathanna a bhain le traidisiún cianársa na caointeoireachta. Is é an dála céanna é ag Eibhlín Dhubh, agus ag deirfiúr Airt i gCaoineadh Airt Uí Laoghaire: tá a gcuid cainte, lomlán de nithe a dúirt mná caointe leis na céadta blian roimhe sin. (Ó Tuama 1961, 22)

6 Féach http://www.youtube.com/watch?v=y3EYZtfopzg (ceadaíodh 8 Nollaig 2012) do shampla ó thraidisiún na Gréige. Sa mhír ghearr seo, feicfear go bhfuil idir cheol agus chantaireacht — caint rithimiúil fhileata nach samhlófaí ceol a thabhairt air i gceist. Is fiú geaitsí corp na mban caointe seo a thabhairt faoi deara chomh maith. Tá príomhchaointeoir ann atá go díreach os cionn an choirp agus a dhá lámh sínte amach — geaitsí atá le feiceáil i bpictiúir a bhaineann leis an gcaointeoireacht in Éirinn chomh maith. Tá bean eile ann ach is mar chuntóir ba dhóigh leat atá sise i láthair. Tá iarracht den chomhcheol le tabhairt faoi deara idir an bheirt bhan — rud nach samhlóimis le traidisiún na hÉireann, ar traidisiún monafónach é den chuid is mó. Ach is le chéile atá an caoineadh ar siúl acu — tá idir chór agus chomhar acu. Feictear an leagan amach céanna i mír eile (http://www.youtube.com/watch?v=TJxqC4fiqcM; ceadaíodh 8 Nollaig 2012). Tá na mná bailithe thart ar an gcónra agus seanbhean amháin i gceann ar aithris na filíochta os cionn an choirp. Labhraíonn sí leis an gcorpán (fear) agus í ag amharc síos air go díreach ag pointe amháin agus feictear mná eile ag gol go ciúin agus ag ól tae nó caife agus an caoineadh ar siúl. Féach Nic an Airchinnigh 2013. Féach freisin Ó Catháin 1978 do chuntas ar chaointeoireacht na Fionlainne a mbíodh an ceol i gceist leis chomh maith. 7 ‘Labhrás Ó Cadhlaigh, then, is using the same tune again and again for different laments.’ (Ó Madagáin 1981, 317)

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

160

Mar sin, inár ndiaidh anseo, ba mhaith linn plé a dhéanamh ar an ‘well-known melody’ a ghabhadh le caointe. Déanfar argóint gur féidir linn an fonn so-aitheanta seo a aithint fós inniu agus is é ár gcuspóir scrúdú a dhéanamh air chun a thréithe a scagadh agus a dhearbhú. Is léir ón bhfianaise seo leis go raibh eolas agus cáil fiú ar cheol an chaointe seacht mbliana déag tar éis bháis d’Art Ó Laoghaire. Amhráin iad na caointe a bhfuil foinn ag dul leo agus chun a ráite go poiblí a cumadh iad.

LÁTHAIR AN CHAOINTE

Is é an láthair agus an comhthéacs is mó a shamlaítear le caoineadh ná an tórramh. Ní ar thórraimh amháin, áfach, a b’fhéidir leis an gcaointeoir caointe a chumadh, mar shampla, ba chaointeoir í máthair Eibhlín Dubh Ní Chonaill chomh maith .i. Máire Ní Duibh.8 De réir fianaise Mary Ann Bianconi (Mrs Morgan John O’Connell), chum Máire Ní Duibh caoineadh ar a mac nuair a d’fhág sé Doire Fhíonáin ar bhord loinge, le hocht bhfear déag eile: ‘Tradition avers that Maur-ni-Dhuiv composed a lament on the departure of her son and sundry young kinsmen, who sailed from Darrynane Harbour’ (O’Connell 1892a, 68).

Nuair a cheap Máire Ní Duibh go raibh a mac fillte chuaigh sí go dtí an trá: ‘Sergeant Michael O’Connor, late R.I.C., has happily remembered it. He says she made the lines on being suddenly summoned to the beach to watch a vessel, which was supposed to be bringing back some of her posterity’ (O’Connell 1892b, 202). Tá na línte Gaeilge seo sa leabhar ag Mrs M. J. O’Connell. Chuirfeadh an tomhas seo a leanas idirghníomhaíocht fhileata na mban ar tórramh i gcuimhne do dhuine:

Sergeant Michael O’Connor remembered the following verses. Dr. Sigerson translates them, and says, ‘The two Irish stanzas which follow were composed in the form of riddles by Maur-ni-Dhuiv and her friend, Maur-ni-Segerson (“Mary of the Segersons”). In these the two Marys enigmatically indicated that which they most desired to see. The ladies show considerable skill in verse-making: —

Maire ni Dhuibh cecinit

8 Leanaimid Seán Ó Conaill anseo leis an leagan seo den sloinne (Ó Duilearga 1948, 338–40).

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

161

Cighim cugham anoir An crann is áile ar bith Nár cailleadh riamh Agus nar rioth ’Sta naoi naonbhar inte astig.

[…] Maire ni Segerson cct.

Cighim cugham aniar Ceire capuill, ceire srian, Ceire ubhla ar dath an óir Agus ceire teuda leathar fiadh.

[…] ‘Maur-ni-Dhuiv, in the first riddle, plays on the Irish word crann, which means “tree” and “mast” — by extension “a ship.” She beholds a ship come to her, triumphant, bringing her twice nine kinsmen from over the sea. Mary of the Segersons plays on the Irish word ubhall, which means “an apple,” or “apple tree.” “Flower of the fragrant apple” is a favourite metaphor of Irish bards as applied to maidens. Here the term indicates Mary’s four nearest and dearest.’ (ibid.)

Taispeántar sa chuid seo ag Máire Ní Duibh gur caoineadh extempore ab ea an ceann seo ach ní ar láthair an torraimh a cumadh é ach thíos ar an trá.

Deineadh saghas véarsaíochta faoi leith a cheangal le ceol so-aitheanta i dtraidisiúin eile chomh maith, mar shampla, in Albain agus sa Ghréig. Deir J. L. Campbell:

It is certain that in Scottish Gaelic tradition poetry and music are inextricably fused. A Gaelic poet did not just compose a poem to be read or recited he composed it to a definite tune (1956, 88).

Feictear an feiniméan céanna sa Ghréig. Tá feidhm faoi leith ag an bpíosa ceoil speisialta seo le linn caointeoireachta. Deir Anna Caraveli-Chaves agus í ag caint ar mhná caointe na Gréige go mbaintear úsáid as foirm cheoil speisialta i gceantar faoi leith. Anuas air sin, deir sí, gurbh fhearr le caointeoirí na focail a rá seachas iad a chanadh mar go gcuirfeadh an ceol an méid sin cumha orthu:

The state of pain can be induced with the aid of several devices. Singing is one of the major devices. Each area, or distinct cultural group within an area has one basic melodic pattern to which laments are sung. Most of the

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

162

melodic patterns have built-in devices which trigger a sense of sorrow in the audience. The characteristic lament melody of the Zagori province, for instance, uses microtones, stylized interjections of wailing sounds [Cf. Ochón agus ochón ó!], and octave-leaps at the end of each hemistich (half-line) to induce a state of pathos. Lament poets would much prefer reciting the words of songs to actually singing them to the lament melody so as to avoid intense pain (i Partridge 1983, 92).

Cé go bhfuil difríochtaí níos mó idir ceol na hÉireann agus ceol na Gréige ná mar atá idir Alba agus Éire, baineann ceist an struchtúir le ceist na feidhme. Is ionann a bhfeidhmeanna .i. an racht a ligean. Mar sin, d’aithneofaí saghas áirithe ceoil a spreagfadh an réimse cheart mothúchán, réimse a bheadh ag cur go cuí le pian an deasghnátha. De bharr na mothúchán a spreagfaí leis an gceol d’fhéadfadh na mná caointe dul i dtreo na staide intinne a theastaigh chun an caoineadh a chur i láthair i gceart.

Ó tharla go bhfuil tábhacht le struchtúr an cheoil féin, is díol suime é dúinn scrúdú a dhéanamh air, ionas go dtuigfear na tréithe atá i gceist leis. Mar sin, mar chéim eile agus sinn ag cur chun cinn ár n-argóna, léireofar an ceol mar ghléas iompair don véarsaíocht.

AN GAOL IDIR AN VÉARSAÍOCHT AGUS AN CEOL

De réir P. A. Breatnach, tá an ceol agus an fhílíocht fite fuaite lena chéile go háirithe san ochtú haois déag:9

Perhaps the most important single feature of Irish poetry in the eighteenth century is that it is poetry in song (1987, 59).

Bhí bua ar leith ag an gceol nach raibh ag an bhfilíocht. Sin an chúis go gcantaí an caoineadh. Tá ról lárnach ag an gceol sa chaointeoireacht agus is minic go ndéantar dearmad air.

Níorbh aon ghné imeallach den chaointeoireacht é an ceol, mar a bheadh maisiú breise ann, ach dlúthchuid de chroí is de nádúr na hócáide, a chuir crot ar leith ar an iompar daonna seo. Ní amháin gur threisigh an ceol go mór ar an tocht a bhí sa véarsaíocht, ach do dhaoine a raibh taithí acu ar chaointeoireacht a chloisint nó a dhéanamh, níor bheag leo ceol an chaointe a chloisint, gan

9 Déanann Breandán Ó Buachalla anailís ar an ngaol seo in Ó Buachalla 2002–03.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

163

bheann ar fhocail, chun go gcorrófaí iad. (Ó Madagáin 1992, 165)

Is í an tábhacht is mó leis an gceol san fhilíocht, agus is féidir linn é seo a aithint sna blúirí a scrúdaítear san alt seo, ná go mbíonn meadaracht na véarsaíochta ag teacht le frásaí an cheoil.10 Go traidisiúnta in Éirinn chumtaí an ceol nach mór i gcónaí ar dtús agus na focail ina dhiaidh. Go minic bhaineadh filí leas as ceol réamhdhéanta chun a gcuid véarsaí a iompar. I dtaobh an chláirseora chlúitigh Toirealach Ó Cearbhalláin, deir Donal O’Sullivan:

‘Carolan always made the tune first and the poetry last’ […] The words were made to fit the tune, not the other way about. (in Ó Madagáin 2000, 86)

Tugann an Madagánach le fios ‘gur ag cur focla le ceol atá an file sa chaoi gurb é an ceol a chinntíonn an mheadaracht’ (ibid., 85). Tá ceol agus meadaracht fite fuaite lena chéile mar a deir Ní Shíocháin:

Más fíor gurb é an ceol a chinntíonn an mheadaracht agus amhrán á chumadh, gaol ciorcalach fós is ea an gaol idir an ceol agus an mheadaracht sa tslí is go mbíonn ionad lárnach ag an meadaracht i múnlú an fhoinn neamhshocair cheoil agus amhrán á rá. (2009, 48)

CORP AN CHAOINTE

Ag tagairt don chaoineadh féin, deir P. W. Joyce go raibh cuid de ullmhaithe roimh ré agus cuid eile cumtha le linn a ráite: ‘a lament in Irish— partly extempore, partly prepared’ (luaite in Ó Madagáin 1978, 31). Dála an cheoil, deir Ó Madagáin: ‘it was to a ready-made tune that the poet composed his verses (whether extempore or not)’ (Ó Madagáin 1985, 158). Bhí stoc foirmlí11 faoi leith ag teastáil sa chaoineadh. Mar shampla, nuair a crochadh Séamas Óg Mac Coitir i gCarraig Tuathail, Co. Chorcaí, i 1720, dúirt a sheanbhanaltra línte áirithe níos mó ná caoga bliain sular bhain Eibhlín Dubh Ní Chonaill úsáid astu in Caoineadh Airt Uí Laoghaire ina dhiaidh sin (Ó Tuama 1961, línte 30–35). Cé gur cumadh an caoineadh a leanas ar Shéamas Óg Mac Coitir, caoineadh a bhfuil fonn ceoil ag gabháil leis chomh

10 Is fiú féachaint ar Blankenhorn 2003. 11 Seo an méid a deir Albert Lord faoi na foirmlí béil seo: ‘They are repetitions, not from one poem to another, for they belong in all of them; rather they are descriptions used and adapted to a number of situations’ (1987, 61).

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

164

maith,12 bhí cuid de na línte inaistrithe go Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Seo na línte mar atá siad in Caoineadh Shéamas Óig Mhic Coitir:

Mo chéad chara thu! Is breá thíodh hata dhuit, claíomh cinn airgid, bhíodh sráid dá glanadh duit, bóithre dá ngealadh duit, cóiste ocht gcapall duit, is Sacsanach ag umhlú go talamh dhuit, is ní le taitneamh dhuit, ach le haonchorp eagla. (Breatnach 2010, 146)

Agus ó Chaoineadh Airt Uí Laoghaire mar chomparáid:

Mo chara go daingean tu! Is cuimhin lem aigne An lá breá Earraigh úd, Gur bhreá thíodh hata dhuit Faoi bhand óir tarraingthe, Claíomh cinn airgid— Lámh dheas chalma- Rompsáil bhagarthach— Fír-chritheagla Ar námhaid chealgach— Tú i gcóir chun falaracht, Is each caol ceannann fút. D’umhlaídís Sasanaigh Síos go talamh duit, Is ní ar mhaith leat Ach le haon chorp eagla, Cé gur leo a cailleadh tu A mhuirnín mh’anama. (Ó Tuama 1961, 33–34)

Sula ndéanfar plé ar na samplaí féin den cheol, is fiú focal a rá mar gheall ar na tréithe faoi leith a bhaineann leis an gcaoineadh. Tá trí chuid sa chaoineadh de réir Uí Mhadagáin:

12 ‘I measc na bhfonn a chnuasaigh Goodman agus a d’fhoilsigh Shields [Tunes of the Munster Pipers 1998] tá ceann a ngabhann an teideal “Caoineadh Shéamuis Mhuic Coitir” leis (uimh 511).’ (Breatnach 2010, 143). Féach chomh maith Ó Buachalla 2012; san alt seo, séantar arís aon bhaint a bheith ag an performance leis an gcaoineadh, agus ní luaitear an ceol atá i mbailiúchán Goodman.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

165

There were normally three steps to a round of keening, namely, the Salutation (spoken or sung, in which the keener called upon the deceased by name or term of affection, e.g. ‘A mharcaigh na mbánghlac’), the Dirge (partly extempore verse, sung by the lone keener to a simple chantlike tune) and the Choral Cry (begun by the keener, joined by the entire assembled company: little more than vocables of grief such as uchón or ulaloo [sic], sung to very different and more complicated kind of music). (1982–83, 176–77)

Níor ghá, dar linn, go mbeadh na trí chuid seo ag gach aithriseoir ar tógadh caoineadh uaidh/uaithi riamh. Nuair a bailíodh caointe san fhichiú haois, go minic ní raibh ach an ‘ochón ó’ ag roinnt aithriseoirí, ach le himeacht aimsire is túisce a dhéantar dearmad ar na véarsaí ná na curfánna. Seans maith go léiríonn sé seo an traidisiún ag meath, rud a thacódh leis an tuairim a bhfuilimid ag cur ina coinne anseo, is é sin, nach raibh aon pháirt mhór ag an gceol in aithris na véarsaíochta sa chaoineadh. Is cinnte leis nach mar dheasghnáth sollúnta a thuilleadh a bhíothas ag déanamh an chaointe faoin bhfichiú haois den chuid ba mhó ach le bailitheoir éigin nó a leithéid a shásamh. Mar sin féin, caithfear suntas a thabhairt don chuid gan véarsaíocht. Ba é ba lú a theastaigh, ach ba leor é ina cháilíocht féin chun an deasghnáth a chomhlíonadh. Ní fhéadfaí go raibh bua na filíochta ag gach duine dar chaoin a nduine féin riamh. Ní thugann sé seo le fios nach raibh an véarsaíocht fhileata ann in aon chor. Is dóigh linn gur cineál cantanaim a bhí i gceist. Mar shampla, tá an tríú cuid den chaoineadh a luann an Madagánach, an ‘ochón ó’, fágtha ann agus feidhm faoi leith leis ag Maggie Dirrane in Songs of Aran (Cowell 1957). Deir Hugh Shields agus é ag caint ar an suantraí ‘A Bhean Úd Thíos’ go bhfuil brí thábhachtach ag na ‘long-drawn-out vocables’ seo:

Mary Madden’s ‘A bhean úd thíos’ […] from Co. Limerick (1855), is an apparent lullaby with unusually dramatic words […] information was concealed in a lullaby; the abducted woman is nursing a fairy child. By repetitive musical phrases and long-drawn-out vocables [‘Seó hú leó, Seó hú leó’ ag deireadh gach líne] she gives the message ‘sleep!’ to the child and to the fairies the message ‘all is well’. (1993, 75–76)

Mar sin, ní trí thimpiste atá na fuaimeanna fadálacha sa chaoineadh. Baintear úsáid as fuaimeanna speisialta le linn na

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

166

caointeoireachta. Tá ‘och-och-ón-ó’ ag Maggie Dirrane in Songs of Aran agus tá ‘a bhó a bhó-ó’ ag Elizabeth Cronin in ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’. Tá feidhm faoi leith ag na fuaimeanna seo chun an duine nó an t-ainmhí a chiúnú. Tacaíonn fianaise na hAlban le fianaise na hÉireann sa chás seo, maidir le struchtúr an cheoil. Déanann an Madagánach tagairt do thréithe an cheoil in Albain:

A sufficiently large number of Ossianic duain complete with chant-like music, has survived in Scotland to enable accurate generalisations to be made about their musical structure and to set down its characteristics […] The most common of these, set out by Francis Collinson in The Traditional and National Music of Scotland (p. 44), are: first, a reciting note on a monotone; second, the approach to this by one or more notes from above or below; third, ‘the use of only part of the scale’; and fourth, the descending cadence at the end. All four features can be noted clearly in the Kerry version of ‘Marbhna Mhic Fhinghin Duibh’: it is in the Aeolian (Lah) mode but without use of the sixth; the other features— approach note, reciting note and descending cadence— constitute the very structure of the piece […] All three features characterise also the first fragment from ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ […], ‘Mo chara croí’, while that of the descending cadence is common to almost all the other known examples of the dirge-part of the keen (including, be it noted, ‘Fill, fill a rúin ó’). (Ó Madagáin 1981, 325–26)

Tagaimid le tuiscint an Mhadagánaigh go mbíodh an ceol céanna in úsáid do chaointe difriúla. Feicfear go bhfuil tréithe comónta ceoil idir an caoineadh a deineadh ar Dhominic Ó Dónaill i gCarraig Airt i gCo. Dhún na nGall i lár an ochtú haois déag agus agus an dá phíosa a bheidh idir lámha againne ón bhfichiú haois.13 Mar a deir Ó Laoire:

Léirigh Breandán Ó Madagáin go bhfuil an-chosúlacht idir an fonn seo [‘Fill, fill a rúin ó’] agus foinn chaointeoireachta eile in Éirinn. Is cosúil go mbíodh an ceol céanna á úsáid arís agus arís eile do chaointe éagsúla. (1995, 745)

13 Baintear úsáid as an scála módúil céanna in ‘Fill, fill a rúin ó’. Tosaíonn an píosa ar an tríú nóta den scála agus críochnaíonn sé ar an tríú nóta den scála agus déantar an séú nóta den scála a sheachaint.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

167

Mar sin de, d’ainneoin nach raibh cur amach ag mná caointe ná ag a n-éisteoirí ar theoiricí ceoil, bhí an t-eolas sin ar iompar leo ina gcorp agus ina gcluasa. Ó bheith ag síoréisteacht leis an gceol ar thórraimh agus ar shochraidí, bhí máistreacht phraiticiúil acu ar a chomharthaí sóirt, go díreach mar a bhí acu ar stór na bhfoirmlí a mbídís ag tarraingt as chun a gcuid véarsaí a chur i gcionn a chéile. Réitigh an ceol an corp chun gothaí na caointeoireachta a tharraingt air féin agus an deasghnáth a chur de go críochnúil sásúil. Chuir an ceol leis an bpian a bhí ag teastáil chun an tocht a scaoileadh mar a thaispeáin Caraveli-Chaves sa Ghréig (in Partridge 1983, 92). Mar a deir an Madagánach: ‘Ba shin í ba chéad fheidhm ag an gcaointeoireacht leis, is é an racht a ligean, agus comhbhrón tacaíochta an lucht éisteachta a mhúscailt’ (Ó Madagáin 1992, 165). Is dóigh linn gur spreag struchtúr an cheoil féin fonn caointe i ndaoine. Aithníodh an ceol speisialta sin agus aithníodh gotha na mná caointe rud a chuir in iúl go mbeadh an caoineadh ag teacht gan mhoill ina dhiaidh.

Anois ó tá struchtúr na bhfonn caointeoireachta mínithe, dírímid isteach ar cheolta caointeoireachta — dhá shliocht acu — chun cruthúnas a thabhairt don tuairim go raibh seánra ceoil caointeoireachta ann agus go mbíodh cumadóirí na gcaointe ag brath air, ó thús go deireadh a ráite. Féachfar anois ar shampla de chaoineadh na marbh agus d’amhrán crúite: 1) ‘Mo chara croí’ a thóg Liam de Noraidh ó bhéalaithris Labhráis Uí Chadhla, Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge i 1940 (sliocht de Chaoineadh Airt Uí Laoghaire atá ann); agus 2) ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’, amhrán crúite ag Eibhlís Ní Iarfhlaithe (Elizabeth Cronin), Cúil Aodha, Co. Chorcaí i 1941. Seo a leanas mar sin, cíoradh agus caibidil ar ghné an cheoil den chaointeoireacht, gné riachtanach ar deineadh faillí go minic cheana air. Caithfear anois féachaint ar na samplaí ceoil.

AN SCÁLA MÓDÚIL

Is suntasach an rud é, sa scrúdú seo ach go háirithe, gur baineadh úsáid as an scála céanna sa dá bhlúire a leanas. Baintear úsáid as an mhionghléas módúil,14 fonn ceoil a bhí ar eolas ag an bpobal. Glacaimid leis go bhfuil an dá chaoineadh faoi chaibidil san alt seo i mionghléas módúil B. Bíonn ceol an chaointe sa mhionmhód (‘minor mode’) de réir theoiric an cheoil. Ní dóigh leis na húdair gur féidir ainmneacha ceachtar den dá mhionmhód — aeólach nó dórach — a thabhairt ar an mód lena mbaineann na caointe mar gur minic leis an

14 ‘minor modal scale’.

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

168

séú nóta — an nóta a chinntíonn más aeólach nó dórach an mód — a bheith ar lár i bhfoinn na gcaointe. Cuireann an scála speisialta seo brón, éiginnteacht agus leochaileacht sa cheol. Tosaíonn an fonn ar nóta ard agus titeann sé faoi mar a bheadh osna, ‘descending cadence’ mar a thug Ó Madagáin air (1981, 325–26). Tosaíonn an dá shampla ar an tríú nóta den scála agus críochnaítear ar throitheán buaine ar an tríú nóta.15 Baintear úsáid as mionmhód. Déantar an nóta Lah nó an séú nóta sa scála a sheachaint. Tá réimse réasúnta gearr ag na blúirí seo .i. thart ar ochtach. Mar sin, is féidir a áitiú ó na píosaí seo gurb é struchtúr bunúsach ná:

‘A mhná na súile bog’ (de Noraidh 1965, 28)16

Is baolach nach ndearnadh taifeadadh fuaime ar ‘A mhná na súile bog’ ó Labhrás Ó Cadhla (tá, afách, taifead fuaime againn den amhrán ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’ ó Eilís Ní Iarfhlaithe) — mar atá ráite ag Breandán Breathnach: ‘The songs in Ceol ón Mumhain were not recorded. They were notated directly from the informants’ (in Ó Madagáin 1981, 329). Ó tharla scil faoi leith a bheith ag de Noraidh i nodaireacht an cheoil agus é cáiréiseach dá réir i dtaobh cháilíocht na bhfonn a bhíodh á mbreacadh aige, ní dóigh linn gur easpa mhór é seo, cé gur luachmhar go deimhin dá mbeadh taifeadadh fuaime ar marthain.

Rugadh Labhrás Ó Cadhla17 (1889–1961) i Scairt na nDraighní, Béal Átha na Molt, Co. Phort Láirge. Bhí amhráin óna mháthair agus óna aintín ag Labhrás:

Bhíodh an ceol ar gach taobh den chliabhán agam agus mé am’ thógaint’, adúirt sé liom, ‘ag m’aintín agus ag mo mháthair. Bhí amhráin Ghaeilge agam nuair a thosaigh mé ag dul ar scoil. D’fhoghlaimíos iad go léir ón mbeirt. (Ó Braoin 1980, 47)

Deir Mícheál Mac Cárthaigh ag cur síos air: ‘Ba mhinic a chonac an deor faoina shúil tar éis dó amhrán a chanadh’ (in Ó Madagáin 2000, 89).

15 ‘sustained pedal note on third of scale’. 16 ‘An ceol a chuir Labhrás Ó Cadhlaigh ar “A mhná na súile bog”, ceol ársa an chaointe is ea é, gur bunscéim dó d¹tl ... mrd’ (de Noraidh 1965, 10). 17 Féach: http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=309. Ceadaíodh 4 Nollaig 2012.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

169

(Labhrás Ó Cadhla, An Rinn, 30 Lúnasa, 1940)

A mhná na súile bog Stadaigí ’n bhúr ngol Go bhfaigh’ mo lao gheal deoch Roimh é dhul isteach sa scoil ’S ní ’foghlaim léinn ná port Ach ag iompar cré ’gus cloch (de Noraidh 1965, 28).

Tá ornáidíocht fós le feiscint sa phíosa seo— dhá thríphléadach.18 Críochnaíonn an píosa ar nóta troitheán buaine.19 I dtéarmaíocht an cheoil chlasaicigh, is féidir a áitiú go bhfuil focaldathú ar siúl .i. leanann treoir an cheoil (troitheán buaine) sa líne ‘ag iompar cré ’gus cloch’. Tuigeann Labhrás feidhm an chaointe agus feidhm an fhoinn nuair a deir sé féin gurbh é seo: ‘an glao deireanach roimh chur an choirp’ (de Noraidh 1965, 28). Cuireann sé seo leis an argóint go raibh na foinn mar bhunús ag an gcleachtas ceapadóireachta.

‘Raghad-sa ó thuaidh leat, a bhó’ (Ó Cróinín 2000, 186–87)

Anois féachfar ar amhrán ó ‘Banríon amhrán Mhúscraí’ mar a thug Séamus Mac Aonghusa uirthi (Ó Cróinín 2000, 17) .i. Eibhlís Ní

18 ‘triplet’. 19 ‘sustained pedal note’, .i. cantar an nóta deireanach céanna, D sa chás seo, faoi cheathair.

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

170

Iarfhlaithe, bean Uí Chróinín (1879–1956), Elizabeth nó Bess Cronin mar a b’aithne í chomh maith.20 Bailíodh amhráin ó Bhess idir na blianta 1947 agus 1952 agus bhí Mac Aonghusa mar stiúrthóir ar an tionscnamh.21 Sampla d’amhrán crúite ata i gceist leis an bpíosa seo. Is léir ón sampla seo nach bhfuil an teorainn idir caointe agus amhráin chrúite chomh soiléir sin. Is díol spéise é chomh maith nach raibh Sidney Robertson Cowell ná Séamus Mac Aonghusa in ann teacht ar réiteach téarmaíochta do sheánraí na n-amhrán a bhailigh sí don albam Songs of Aran. Ag trácht ar an méid a chuala sí ó Mhaggie Dirrane as Eoghanacht, Árainn, deir Cowell an méid seo mar gheall ar an amhrán ‘Óró mhíle grádh’:

A refrain and tune for which verses are customarily improvised; dozens of stanzas exist. Seamus Ennis says this is a herding song, but several people referred to it as ‘a song for farewells’ also, and Mrs. Dirrane explained to me: ‘When the people used to be going to America, like, there used to be wailing at the ships… and the people that’d be on the shore, they’d sing that… Let you be thinking of them that’s far away, and your family all going from you, and you’d sing that. Alone, or in company, you’d sing that.’ (Cowell 1957, 8)

Tá sé le tuiscint ó na ceangail a dhéantar sna cuntais seo go mb’fhéidir go raibh gaol idir cineálacha éagsúla amhrán a bhain le cúrsaí oibre agus ceol an chaointe. Mar sin is fiú an gaol idir caointe agus amhráin chrúite a fhiosrú. Osclaíonn ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’ leis an ngairm ‘Mo chara mo bhó’ rud atá cosúil leis an ngnáthoscailt a fhaightear in Caoineadh Airt Uí Laoghaire: ‘Mo ghrá go daingean tú’, etc. Seo an téacs a thug Eibhlís uaithi:

Raghad-sa ó thuaidh leat, a bhó, Agus tiocfad aduaidh leat, a bhó, Cois Abha Móire, a bhó, Mar a bhfaghaidh tú seamróg, Neoinín barra-ghlas, A chuirfidh ag cneadaigh tu,

20 http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=714. Ceadaíodh 4 Nollaig 2012. 21 ‘Beginning in 1947, under the supervision of Séamus Ennis, the first field trips for song-recording were undertaken […]. These CBÉ and BBC field trips recorded songs from Bess Cronin in May and August 1947 and at various dates subsequently, up to August, September and November 1952.’ (Ó Cróinín 2000, 14–15)

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

171

Agus ó, mo chara thu! Is ó, mo chara mo bhó, Is ó mo chara mo bhó! Is nár bhuailidh aon mhasla thu Poll na madra, Céim cruaidh carraige, Bearna bhascaithe, Do bhainfeadh aon leagadh asut Agus ó, mo chara thu! (Ó Cróinín 2000, 186–87)

(Eibhlís Ní Iarfhlaithe, Baile Bhuirne, 7 Lúnasa 1947)

Má fhéachtar ar ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’ ag Eibhlís Uí

Chróinín tá cosúlachtaí le tabhairt faoi deara idir é agus an caoineadh go háirithe ó thaobh na meadarachta de. Tá coibhneas na bhfocal agus an cheoil le feiscint go cruinn ann. Ó thaobh na meadarachta de, tá dhá aiceann in aghaidh na líne don chuid is mó, tá amas sa chéim dheiridh agus tá uaim inmheánach i gcuid de na línte, mar shampla,

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

172

‘Céim cruaidh carraige’.22 Ó thaobh an fhoinn de, tosaíonn an píosa ceoil seo ar an tríú nóta den mhionscála B agus críochnaíonn sé ar an tríú nóta. Seachnaítear an séú nóta sa scála ach faoi dhó nuair is nóta troitheánach é. Baintear úsáid as mionghléas módúil, na tréithe céanna a fheictear agus a chloistear sna samplaí de cheol an chaointe atá againn.

Cloistear ar an taifeadadh atá againn den amhrán chomh maith go seachnaítear an nóta tonach nó go dtagann an véarsa chun deiridh. Is é sin, cantar na línte trí athrá a dhéanamh ar an bhfrása ceoil céanna cibé méid uaireanta is gá chun an líon línte atá i gceist a chanadh. Nuair a thagann deireadh leis an sruth filíochta díríonn an t-amhránaí ar an nóta tonach chun an chríoch sin a chur in iúl. Tuiscint phraiticiúil ab ea í, dar linn, cuid den eolas bunúsach a bheadh ag aon amhránaí a mbeadh an seánra faoi leith ceoil seo ina raibh líon neamhrialta línte ar a thoil aige.

Mar sin, is díol spéise na cosúlachtaí atá idir na píosaí ceoil seo. Is mó arís is díol spéise tréithe a thugtar faoi deara sa chaointeoireacht, idir cheol is fhocail, a bheith ar fáil in amhrán nach bhfuil aon bhaint aige le caointeoireacht ba dhóigh leat. Ina dhiaidh sin, aithnítear cineál amháin (an chaointeoireacht) ar an gceann eile (an t-amhrán crúite) idir thréithe an cheoil agus thréithe na meadarachta. Ag eascairt as an bhfianaise seo, tugtar leidí dúinn a chuireann in iúl gur creatlach ab ea an struchtúr ceoil agus an struchtúr filíochta araon a cuireadh le chéile ar ócáidí eile seachas ar láthair an tórraimh agus an chaointe. Sa sampla a thugamar thuas ó Mháire Ní Duibh, nuair a d’fhill a mac go Doire Fhíonáin, ar ócáid fháiltithe a chum sí an véarsa a bhfuil dreach an chaointe le sonrú air, cé gur ócáid mhothálach ab ea í. Dealraíonn sé, mar sin, go bhféadfaí leas a bhaint as ceol agus véarsaí den sórt seo chun amhráin a chumadh ag iarraidh cosanta don bhó. Nuair a chuimhnítear gur feidhm chosanta don anam ab ea an caoineadh agus é ar a shlí go dtí an saol eile, agus go bhfeidhmíodh an bhean chaointe mar thionlacaí siombalach don anam lena hiompar agus lena

22 Seo a leanas cur síos ag Seán Ó Tuama ar mheadaracht an chaointe. D’fhéadfaí an cur síos céanna a thabhairt ar mheadaracht an amhráin chrúite seo: ‘I ngach rann faoi leith bíonn sraitheanna neamhrialta de línte gearra agus comhfhuaim idir na focail dheireanacha iontu; bíonn a dó nó a trí (nó fo-uair a ceathair) d’aicinn i ngach líne’ (Ó Tuama 1961, 22). Seo Brian Ó Cuív ar mheadaracht Chaoineadh Airt Uí Laoghaire: ‘Nuair a chum Eibhilín Dubh Ní Chonaill caoine ar a fearchéile, Art Ó Laeire, do dhin sí é sa mheadaracht san ar n-a dtugathar rosc. Níorbh aon iúna é sin, mar do thaithíodh na mná caointeacháin an mheadaracht san go minic ina gcuid cheapadóireachta’ (1953, 115–16).

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

173

caoineadh,23 is dóigh linn gur féidir a thuilleadh a áitiú maidir leis an mblúire seo, dá ghiorra é. Tugtar faoi deara go n-iarrann an t-amhrán cosaint ó thubaistí agus ó chontúirtí don bhó agus í ar a slí ó thuaidh agus ar ais aduaidh. D’fhéadfaí a áitiú, mar a rinne Ó Madagáin maidir leis an suantraí, go bhfuil draíocht á hoibriú anseo chun an bhó a choimeád slán ó iomartas an tslua sí. Dearbhaíonn sé seo ceangal eile idir an t-amhrán crúite agus an chaointeoireacht trí fheidhm na cosanta a bheith iontu araon.

FOCAL SCOIR

San alt seo scrúdaíodh dhá shampla ceoil ó Chontae Phort Láirge agus ó Chontae Chorcaí a bailíodh ó bhéalaithris san fhichiú haois. Bhí meadaracht na filíochta ar eolas acu cé gur caoineadh agus amhrán crúite a bhí i gceist. Chonacthas gur baineadh úsáid as an mionghléas modúil, sa scála seo agus gur fonn é a bhí ar eolas ag amhránaithe faoi chlónna éagsúla. I gcás an cheoil go ginearálta, bhí feidhm agus úsáid speisialta ag an scála seo chun an t-amhránaí a chur i dtreo an chúraim a bhí le cur i gcrích agus chun pobal éisteachta a mhúscailt. D’fhéadfaí an fonn a úsáid le haghaidh an chaointe ach d’fhéadfaí foirmeacha eile amhrán a chur leis an bhfonn seo chomh maith. Sna seanraí a bhain cuid mhaith le mná, amhráin bhuachailleachta, suantraithe agus an caoineadh féin, tá leidí suntasacha again go mbíodh trasnaíl idir seánraí éagsúla. Sa tslí sin, Dhéantaí focail dhifriúla a shníomh isteach ar chreatlach an stoic foirmlí (ag brath ar an ócáid) agus bunaithe ar mheadaracht an cheoil so-aitheanta áirithe sin.

Chualathas caointeoirí ag canadh a gcuid véarsaí le fonn so-aitheanta sa bhliain 1790 agus ionannaíodh Caoineadh Airt Uí Laoghaire go dlúth leis an chleachtas sin de réir fhianaise Charles Étienne Coquebert de Montbret. Tugadh chant ar an gcaoineadh sin, focal a chuireann in iúl ‘amhrán’ nó ‘fonn ceoil’. Aithníodh bean chaointe a bhí cumasach i leith an ghnó seo, ‘Mme Mahoni’, ach tugadh an chraobh do bhean Uí Laoghaire, Eibhlín Dubh féin. Ní raibh ceist ar an scríbhneoir Francach nárbh é an gnó ceanna a bhíodh ar bun ag an mbeirt bhan seo.

Is dóigh linne gur aithníomar leagan den fhonn so-aitheanta seo inár scrúdú san alt seo. Bhunaíomar an tuairim sin ar thréithe dhá fhonn ar leith a bhain le dhá chineál éagsúla cumadóireachta. Mar sin féin tá naisc le brath eatarthu d’ainneoin na ndifríochtaí. Is sa cheol agus sa mheadaracht a aithnítear na naisc sin. Tosaíonn ‘A mhná na

23 Féach Ó Crualaoich 1998, 191–92 maidir leis an tuiscint seo.

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

174

súile bog’ agus ‘Raghad-sa ó thuaidh leat a bhó’ ar an tríú nóta den mhionscála modúil B agus críochnaíonn siad ar an tríú nóta, déantar an séú nóta Lah a sheachaint. Baintear úsáid as an gceol so-aitheanta agus fiú an mionscála modúil céanna san fhichiú haois agus a chuirtear leis an dán ‘Fill, fill a rúin ó’, ar cumadh na focail san ochtú haois déag. 24 Is díol suime gur ó dhá chúige éagsúla, Cúige Uladh agus Cúige Mumhan iad na samplaí seo. Is féidir a mhaíomh mar sin gur baineadh úsáid as an gceol ársa áirithe seo ar ócáidí éagsúla, caoineadh na marbh agus amhráin chrúite ina measc. Is cuid suntais arís éiginnteacht Robertson Cowell agus Shéamuis Mhic Aonghusa maidir leis an amhrán ‘Óró mhíle grádh’. Mar a dúradh cheana, cé go bhféachtar ar an gcaointeoireacht ó pheirspictíocht liteartha amháin, agus gur modh bailí léite é sin, déantar leithcheal ar an seánra seo, mura gcuirtear cúinsí seachliteartha, nó seachthéacsúla san áireamh sa staidéar a dhéantar ar an gcaointeoireacht, is féidir éagóir a dhéanamh ar an bpictiúr iomlán.

Chumtaí saghas áirithe filíochta le linn obair na mban .i. nuair a bhíodh an t-éadach á ramhrú sna hamhráin luaidh in Albain, an olann á sníomh sna hamhráin thuirne. Dar linne go bhféadfadh sé go maith gur ar ócáidí bróin agus báis, ócáidí scartha agus imeachta a chumtaí an caoineadh, agus gur de réir a chéile a chuaigh a leithéid de chumadóireacht bhéil isteach i dtraidisiún na láimhscríbhinn. Aontaímid le tuairim Donna Wong nuair a deir sí:

Ó Buachalla rightly points out ‘tá coibhneas nó ceangal idir an seánra agus an ócáid chinnte ach ní fhágann sin gur le linn na n-ócáidí sin a bhfuiltear ag cur síos orthu a cumadh aon dán acu’ […] He is reminding readers that there is no law of literature requiring that a poem mourning a dead man be composed literally over his dead body. Conversely, of course, there is no law of literature that forbids it. (2002, 661)

Baineann na hamhráin seo ar fad le saghas amhráin faoi leith— amhráin a chumtar le linn obair nó dualgais na mban. Leagtaí béim ar rithim na hoibre sna cásanna seo go minic, ar an bhfeidhm phraiticiúil a bhí leis an gceol, rud a chabhraigh an obair a chur i gcrích go rialta tapa, i gcás tascanna leadránacha fadálacha. Obair riachtanach ab ea fosaíocht na mbó agus ní lú ná sin a bhain dualgas le caoineadh na

24 Ceist shuimiúil is ea í cé mar a tharla go mbeadh amhrán caointe dála ‘Fill, fill a rúin ó’ chomh maith le hamhrain eile ina chuid de ghnáthstór na n-amhrán. Teastaíonn taighde bunúsach leis an gceist sin a fhreagairt.

CAOINTE IS AMHRÁIN CHRÚITE

175

marbh. Ghearr tréithe sainiúla ceoil, canta ar bhealach faoi leith marc ar ghné speisialta den cheol. Baineadh úsáid as an gceol speisalta seo ar ócáidí inar cumadh véarsaí extempore; seánraí sainiúla drámatúla a bhfuair gné amháin díobh, .i. an téacs, a bheith istigh i lámhscríbhinní i ndiaidh dóibh cáil a bhaint amach i ndomhan na béalaireachta.

TAGAIRTÍ

Blankenhorn, V. S. 2003. Irish Song-craft and Metrical Practice since 1600,

Lewiston, N.Y. Breatnach, P. A. 1987. ‘Oral and written transmission of poetry in the

eighteenth century’, Eighteenth-Century Ireland 2, 57–65 ——, 2010. ‘Caoineadh Shéamais Óig Mhic Coitir (1720)’, Éigse 37, 142–

50 Campbell, J. L. 1956. ‘Some notes on Scottish waulking songs’, Éigse 8 (2),

87–95 Cowell, S. R. 1957. Songs of Aran: Gaelic Singing from the West of Ireland:

Ethnic Folkways Library, Album No. FE 4002 de Montbret, C. E. Coquebert. c.1947 [1790]. ‘Carnet de voyage (en

Irlande)’, Bibliothèque nationale de France, nouvelles acquisitions

françaises 20.099. (Micreascannán 914.15 COQ, Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)

de Noraidh, Liam. 1965. Ceol ón Mumhain. Baile Átha Cliath Lord, A. B. 1987. ‘Characteristics of orality’, Oral Tradition 2.1, 54–72 Ní Chinnéide, Síle. 1973. ‘A new view of eighteenth-century life in Kerry’,

Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 6, 83–100 Ní Shíocháin, Tríona. 2009. ‘Filí agus amhránaithe, foinn agus focail:

Maidean Álainn Ghréine agus ionad an cheoil i dtraidisiún na namhrán’, Béascna 5, 37–57

Nic an Airchinnigh, Méadhbh. 2012. ‘Caointeoireacht na Gaeilge: béalaireacht agus litearthacht’ (tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)

——, 2013. ‘Traidisiún na caointeoireachta in Éirinn agus sa Ghréig’, i Niamh Ní Shiadhail et al. (eag.), Sealbhú an Traidisiúin, Baile Átha Cliath, 26-36

Ó Braoin, Pádraig (eag.). 1980. Liam de Noraidh, Cill Úird, Éigse na Mainistreach

Ó Buachalla, Breandán. 1998. An Caoine agus an Chaointeoireacht, Baile Átha Cliath

——, 2002–03. ‘Ceol na filíochta’. Studia Hibernica 32, 99–132 ——, 2012. ‘Tuireamh agus caoine ar Shéamas Óg Mac Coitir’, i Stiofán

Ó Cadhla agus Diarmaid Ó Giolláin (eag.), Léann an Dúchais: Aistí in

Méadhbh Nic an Airchinnigh & Lillis Ó Laoire

176

Ómós do Ghearóid Ó Crualaoich, Corcaigh, 5–18 Ó Catháin, Séamas. 1978. ‘Caointeoireacht an chine daonna.’ In Ó

Madagáin (eag.) 1978, 9–19. O’Connell, M. J. (Mary Anne Bianconi), 1892a. The Last Colonel of the Irish

Brigade, Count O'Connell, and Old Irish Life at Home and Abroad, 1745–1833, iml. 1. Ar fáil ag: http://www.archive.org/details/ lastcolonelofiri011892ocon (Léite 12 Samhain 2008)

—— 1892b. The Last Colonel of the Irish Brigade, etc., iml. 2. Ar fáil ag: http://www.archive.org/details/lastcolonelofiri02oconuoft (Léite 12 Samhain 2008)

Ó Cróinín, Dáibhí, (eag.) 2000. The Songs of Elizabeth Cronin, Irish traditional singer, Dublin

Ó Crualaoich, Gearóid. 1998. ‘The Merry Wake,’ i J. S. Donnelly agus Kerby Miller (eag.), Irish Popular Culture 1650–1850, Baile Átha Cliath, 173–200

Ó Cuív, Brian. 1953. ‘Deascán ó Chúige Mumhan’, Béaloideas, 22, 102–19 Ó Duilearga, Séamus. 1948. Leabhar Sheáin Í Chonaill. Baile Átha Cliath. Ó Laoire, Lillis. 1995. ‘An ceol dúchais i dTír Chonaill’, i William Nolan et

al. (eag.), Donegal: History & Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, Dublin, 743–58

Ó Madagáin, Breandán (eag.). 1978. Gnéithe den Chaointeoireacht. Baile Átha Cliath.

Ó Madagáin, Breandán, 1981. ‘Irish vocal music of lament and syllabic verse’, i Robert O’Driscoll (eag.), The Celtic Consciousness, Portlaoise, 311–32

——, 1982–83. ‘Review’ [Bunting’s Ancient Music of Ireland 1983], Studia Hibernica, 22/23, 174–80

——, 1985. ‘Functions of Irish song in the nineteenth century’, Béaloideas 53, 130–216

——, 1989. ‘Gaelic Lullaby: A charm to protect the baby?’, Scottish Studies 29, 29–38

——, 1992. ‘An ceol a ligeann an racht’, Léachtaí Cholm Cille 22, 164–84 ——, 2000. ‘Coibhneas na filíochta leis an gceol, 1700–1900’, i Pádraigín

Riggs et al. (eag.), Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama, Baile Átha Cliath, 83–104

Ó Tuama, Seán. 1961. Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Baile Átha Cliath Partridge, Angela. 1983. Caoineadh na dTrí Muire: Téama na Páise i Bhfilíocht

Bhéil na Gaeilge, Baile Átha Cliath Shields, Hugh. 1993. Narrative Singing in Ireland: Lays, Ballads, Come-all-yes,

and Other Songs, Blackrock Wong, Donna. 2006. ‘Literature and the oral tradition’, i Margaret

Kelleher agus Philip O’Leary (eag.), The Cambridge History of Irish Literature, New York, 633–76