CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách...

53

Transcript of CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách...

Page 1: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna
Page 2: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 1:TIONSCADAL DIGITEACHSEANCHAIS A PHLEANÁIL

Page 3: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

BREITH SHETANTATosaíonn scéal Chú Chulainn lena bhreith neamhghnách.

CLÁR 1

CEACHT 1: TIONSCADAL DIGITEACHSCÉALAÍOCHTA A PHLEANÁIL

AMHARC AR ‘CÚ CHULAINN– AN TSRAITH BHEOITE’

FÁS ANÍOSAn scéal faoi Shetanta ag fás aníos agus é ag cur tús lena oiliúint.

CLÁR 2

MAR A FUAIR SÉ A AINM An scéal faoin dóigh ar tugadh Cú Chulainn ar Shetanta.

CLÁR 3

GRÁ AGUS CATHTiteann Cú Chulainn i ngrá le hEmer ach an dtiocfaidhan chinniúint eatarthu?

CLÁR 4

AN DÚSHLÁN MÓR An Scéal faoi Tháin Bó Cuailgne.

CLÁR 5

BÁS AN LAOICH An scéal faoi throid Chú Chulainn chun báis in éadanarm Mhéabha.

CLÁR 6

cCÚ CHULAINN

Page 4: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SMAOINTE AR SCÉALTA DIGITEACHA

Cruthaigh script sa rang bunaithe ar chlárnó ar radharc as ceann amháin de nasraitheanna.

Is féidir leis an rang scéal comhchoiteanna chruthú mar a bhfuil an script á forbairtag an rang agus cuirfidh gach dalta pictiúrnó pictiúir leis an scéal digiteach deiridh.Mar mhalairt air sin, tig le gach dalta aleagan gairid féin d’fhinnscéal nó de radharc faoi Chú Chulainn a fhorbairt.

Beidh na daltaí ag forbairt a gcuid pictiúrle haghaidh scéal digiteach. Cuirfear anscéal le chéile agus bogearraí digiteachascéalaíochta amhail Windows Movie Makernó Photo Story in úsáid lena gcuid pictiúr a chomhcheangal le téacs, le guthú agus le ceol.

MAR A FUAIR CÚ CHULAINN A AINMRADHARC 1

Scéalaí:1. Is mise Ciara agus tá mé ag dul a insint daoibh cad é mar a fuair Cú Chulainn a ainm.

2. Ba laoch cáiliúil é Cú Chulainn fadó, fadó ó shin.

3. Agus é ina ghasúr, bhí Setanta mar ainm air agus fuair sé oiliúint le bheith ina laoch ag cúirt Chonchúir, an rí.

4. Lá amháin thug Culann, gabha, cuireadh chuig féasta do Chonchúr, Rí, agus d'iarr an rí ar a laochra uilig, Setanta ina measc, teacht ina chuideachta.

Conchúr Rí:5. "Téimis ar chosa in airde chuig an fhéasta agus déanaigí cinnte de go n-imeoidh gach duine le chéile."

Scéalaí: 6. Léim na laochra uilig ar a gcarbaid agus lean siad an rí...

7. ... na laochra uilig ach amháin Setanta a bhí ag súgradh lena chú.

SEO SAMPLA DE SCRIPT RANGA ATÁ ROINNTE INA HUIMHREACHASCRIPTE AR LEITH...

Page 5: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CÚ CHULAINN

CEACHT 2:NA SÉ GHNÉ SCANNÁNAÍOCHTA

Page 6: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

IS FÉIDIR SCANNÁN AR BITH A FHIOSRÚAGUS NA GNÉITHE SEO A LEANAS IN ÚSÁID...

CEAMARACARACHTAR

DATH

AN CHÉAD 3 GHNÉ

SCÉALSUÍOMHFUAIM

AN DARA 3 GHNÉ

Page 7: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEAMARA Feidhmíonn an ceamara beagnach mar scéalaí le tú a threorú tríd an scéal. Tá sé tábhachtach a bheith ag smaoineamh ar cá huair nó ar cad chuige a bhfuil seatannaáirithe in úsáid. Is féidir seat teann a úsáid le mionsonraí a léiriú nó mothúchán a chur in iúl.Nó is féidir meánseat nó seat fada a úsáid leis an suíomh a bhunú. Is iad seo thíos na 3 phríomhsheat leis an cheamara...

Is féidir uillineacha ceamara agus gluaiseacht ceamara a úsáid le mothúcháin agus atmaisféar a léiriú nó le seat a dhéanamh suimiúil. Tá cuid de na seatanna ceamara anseo thíos...

SEAT FADA MEÁNSEAT SEAT TEANN

SEAT ARD SEAT ÍSEAL POINTE FÉACHANA

1

Page 8: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DATHTugann dath rud breise don scannán agus cuidíonn sé leis an scéal a insint ar

bhealach difriúil. Tig leis insint duit faoi mhothú an scéil – bíodh sé ina scéaldorcha le dathanna dorcha nó ina scéal gealgháireach le dathanna geala.

2

Dathanna gruama in MIDNIGHT DANCE

Dathanna gealain FLIPSIDES

Page 9: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CARACHTARIs féidir go mbeidh raon mór carachtar i scéal agus ní daoine iad i gcónaí.

Bíonn carachtair ann atá olc nó maith, láidir nó lag, greannmhar, tromchúiseach nóbrónach. An dóigh a mbíonn carachtair ag caitheamh lena chéile nó an dáimh atá aculena chéile is ábhar don chuid is mó de scéalta.

3

Page 10: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

AN DARA 3 GHNÉ

SCÉALDe ghnáth bíonn dearcadh ar leith ann agus scéal á insint, fiú nuair nach mbíonn sé seo

i gcónaí soiléir. Bíonn tús, lár agus deireadh ag scéal líneach. Tig le scéal teibí an scéal a insint ar bhealach ar bith. Is iomaí scéal atá ann sna finscéalta a bhaineann le Cú Chulainn.Tá an fáth a ndeachaigh sé go hEamhain Mhacha ann, tá Táin Bó Cuailgne ann agus tá a lánscéalta eile ann chomh maith.

1

Page 11: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SUÍOMHTá SUÍOMH an scéil an-tábhachtach. Cuireann sé in iúl duit cá huair a bhí an scéal AG TARLÚ

(sa chianaimsir, san am i láthair nó sa todhchaí), CÁ HÁIT AR THIT AN SCÉAL AMACH (faointuath, i mbaile mór, i bhfásach nó ar muir). Tugann sé LÉARGAS duit fosta AR SHAOL NA GCARACHTAR. (An bhfuil siad saibhir nó bocht?An bhfuil siad ina gcónaí i mbothán nó i spásárthach?) In amanna ní fhaigheann tú amach ónsuíomh cá huair nó cá háit a bhfuil scéal ag tarlú ach CRUTHAÍONN SÉ AN MOTHÚ NÓ AN T-ATMAISFÉAR.

2

FUAIMTá FUAIM iontach tábhachtach i scannán. Caithfidh guth soiléir a bheith ag an

SCÉALAÍ agus caithfidh an ton ann a bheith oiriúnach do mhothúchán an scannáin. Caithfidh na HAISTEOIRÍ labhairt lena chéile go héifeachtach. Tig le CEOL teannas agus eagla a chruthú, nó insint duit go bhfuil rud éigin sona ag tarlú.

Cuireann ÉIFEACHTAÍ FUAIME leis an mhothú fosta, cosúil le madadh ag uallfartach, capaill ar cosa in airde nó fiach dubh ag scréachadh, mar shampla. In amanna isféidir le CIÚNAS teannas ollmhór a chruthú nó seal machnaimh a chur ar fáil fiú.

3

Page 12: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SEATANNA CEAMARA AGUSUILLINNEACHA CEAMARA

Page 13: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SEAT FADA... Is féidir seat fada a úsáid leis an suíomh a bhfuil an ghníomhaíocht ag tarlú ann a bhunú. Is féidir é a úsáidchomh maith le carachtairlánfhaid a léiriú i gcéin.

MEÁNSEAT... Taispeánann meánseat carachtar amháin nó níos mó ón choim nó ó na glúine aníos.Ní fheiceann tú mórán denchúlra.

SEAT TEANN... Bíonn seat teann in úsáid lemionsonraí nó an dreach nó an mothúchán ar aghaidh duine a chur in iúl.

SEATANNA CEAMARAIs é an ceamara an rud is tábhachtaí agus scéal á insint i scannán. Feidhmíonn an ceamara mar scéalaí le tú a threorú tríd an scéal. Is iomaí seat a bhíonn in úsáid ach seo thíos cuid de na príomhsheatanna.

Tá éagsúlachtaí ann sna 3 chineál seat seo, ach is iad an bunús de scannán ar bith.

Page 14: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

QUIZ AR SHEATANNA CEAMARA

Scríobh an seat ceamara sa bhosca agus an fáth ar úsáid siad é, dar leat. Cén sórt seát atá ann? SEAT TEANN, MEÁNSEAT nó SEAT FADA?

CUIR TRIAIL AR D’EOLAS - DÉAN AN QUIZ AR SHEATANNA CEAMARA...

Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

Is meánseat é seo agus sílim gur úsáid siad é lena thaispeáintgo raibh saighdiúirí Chonchúir,Rí, ag éisteacht leis agus legiota níos mó de mhionsonraí,amhail a gcuid éadaigh agus nahairm a bhí acu, a thaispeáintdúinn.

1Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

2Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

3

Page 15: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

5Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

64

Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

7Cad é an seat ceamara atá ann agus cad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

8

Page 16: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SEAT POINTEFÉACHANA... Seat é seo ina ndealraíonn sé go bhfuil tú ag amharc trí shúilean charachtair.

SEAT ÍSEAL... Seat aníos atá i gceist agus an ceamara á dhíriú suas. Isféidir é a úsáid le cuma níos mó agus níos cumhachtaí a chur ar dhuine.

SEAT ARD...Seat anuas atá i gceist agus anceamara á dhíriú síos. Is féidir é a úsáid le béim a chur ar cé chomhbeag, chomh leochaileach nó chomhmór i mbaol atá duine éigin.

UILLINNEACHA CEAMARAIs féidir seat a dhéanamh níos spéisiúla trí uillinn an cheamara a athrú. Tá cuid mhór uillinneacha ceamara ann ach seo cuid acu atá bunúsach:

Page 17: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

UILLINNEACHA CEAMARA

Scríobh uillinn an cheamara sa bhosca agus an fáth ar úsáid siad í, dar leat. Cén sórt seat atá ann? SEAT ARD, SEAT ÍSEAL nó SEAT POINTE FÉACHANA?

CUIR TRIAIL AR D’EOLAS - DÉAN AN QUIZ AR SHEATANNA CEAMARA...

Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

1Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

2Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

3

Page 18: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

5Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

64

Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

7Cad é uillinn an cheamara atá ann aguscad chuige ar úsáid siad é, dar leat?

8

Page 19: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 3:STÍL AGUS CARACHTAR

A FHIOSRÚ

Page 20: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Cá huair a mhair Cú Chulainn?

1000 RCh AD 1000500 RCh AD 500 Breith Chríost

350 RChTEACHT

NA GCEILTEACH

AD 432TEACHT NAOMH

PÁDRAIG GO HÉIRINNAD 370

EAMHAIN MHACHASUÍ RÍTHE ULADH;

DÓDH GOTALAMH É

Page 21: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

ÉADAÍ NA GCEILTEACHBa iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná:

Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna geala agus crios plátáilte le hór nó le hairgead thart orthu.

Bríste ar a dtugadh 'BRACAE'.

Clócaí stríocacha olla a bhí ceangailte le dealg.

Bhí gruaig fhada ag fir agus mná araon.

Ba mhaisiúchán tábhachtach é an TORC a chaith na Ceiltigh. Fáinne muiníl a rinneadh as slat mhiotail (casta in amanna) a bhí ann agus é déanta de chré-umha nó d’ór ag brath ar mhaoin an duine a bhí á chaitheamh.

Bhí dhá cheann ar an torc nach raibh ach spásbeag eatarthu.

Page 22: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Bhí rudaí deasa cosúil leis an dealgneasfháinneach seopraiticiúil le clóca a cheangal.

SEODRA NA GCEILTEACHBhí seodra á gcaitheamh agfir agus mná araon. Chuir séan mhaoin acu in iúl.

Torcóir de chuid taisce

Bhrú Íochtair, (50 RCh) a fuarthas ag Brú Íochtair,

Contae Dhoire.

TorcGabhailíní gruaige Is ceangal clóca é seo

Page 23: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CÚ CHULAINN AGUS NA LAOCHRA CEILTEACHATá a lán íomhánna éagsúla de Chú Chulainn ann.

Page 24: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Tá pearsantacht iontachsíochánta ag an chú faoil sa lá atá inniu ann agus réitíonnsé go maith le páistí. Is ainmhithe réchúiseacha iad a bhíonn socair ina nádúr de ghnáth.

AN CÚ FAOIL TÁ MÉ

AN-ARD...

Cén cineál madra é seo? Cárb as a dtagann siad? ...agus cén cineál madra é seo?

Cárb as a dtagann siad?

In amanna síltear gurb é an cú faoil pór madra náisiúnta na hÉireann.

Ní amháin go raibh cúnna faoilá bpórú le mac tíre a sheilg,ach lena mharú chomh maith.

Mharaigh siad mac tíre ar andóigh chéanna a maraíonn cat francach; chroith siad é go dtí gur bhris a mhuineál.

Page 25: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Déan tagairt don phictiúr seo leis an chuma a bheidh ar SHETANTA a phlé.

Page 26: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Déan tagairt don phictiúr seoleis an chuma a bheidh arCHONCHÚR, RÍ, a phlé.

Page 27: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Déan tagairt don phictiúr seo leis an chuma a bheidh ar CHULANN a phlé.

Page 28: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Déan tagairt don phictiúr seo leisan chuma a bheidh ar na GARDAÍa phlé.

Page 29: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

FORBAIRT CARACHTAIR:SETANTA

An déanamh atá air (ard, beag, trom, tanaí, matánach, caol):

Stíl agus dath na gruaige (fada, gairid, trilseáin, pónaí, mohican, bearrtha):

Dath na súl:

Éadaí (armúr, léine fhada/ghairid, briste, cosa nochta, clóca, coisbheart):

Seodra/airm srl. (banda cinn, torc, dealg, bráisléid nó cufaí,claíomh, sciath, sleá):

Scríobh do chuid nótaí thíos...

Tarraing do charachtar anseo nuair atásibh aontaithe ar an chuma a bheidh air.

Page 30: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 4:SUÍOMHANNA I SCÉALTA AGUS

I SCANNÁIN A FHIOSRÚ

Page 31: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Roimh theacht na Lochlannach ní raibh cathracha nó bailtemóra in Éirinn.

Bhí an tír, den chuid is mó, ina foraois, ina móinéar agus ina féarach.

Bhí foraoisí lán d'ainmhithe leis na sealgairí Ceilteacha a choinneáil sásta agus dea-chothaithe. Bhí fianna rua, mic tíre agus toirccoitianta.

Bhí na daoine ina gcónaí i mbotháin chruinne chrubóige a raibh díon cónúil tuí orthu. Dá mhéad bothán a bhí ag clann is amhlaidh is saibhre a bhí siad.

In amanna tógadh claí thart ar bhothán mar chosaint.

Tháinig teaghlaigh le chéile i lonnaíocht aonarach, ina raibh botháin de ghnáth.

AN SUÍOMHAIMSIR CHÚ CHULAINN

IS DÓCHA GO RAIBH NA BOTHÁINDORCHA AGUS DEATÚIL

AR AN TAOBHISTIGH.

Page 32: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SUÍOMHANNAEILE

TuaisceartÉireann...

Linn reoite le linn an gheimhridh...

Faoin tuath...

I gcathair...

San am a chuaigh thart...

Ar dhomhan eile...

Page 33: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

AN SUÍOMH A PHLÉ

ROGHNAIGHSCÉAL NÓSCANNÁNCAD IAD NA LEIDEANNA

AMHAIRC A CHUIREANNAN RÉ, AN ÁIT NÓ ANSPÁS IN IÚL DÚINN?

AN BHFUIL TRÉIMHSE ARLEITH I GCEIST AMHAILNA 20 IDÍ, NA 40 IDÍ, NÓSAN AM ATÁ LE TEACHT?

AN DTITEANN ANSCÉAL AMACH I DTÍR

AR LEITH?

AN BHFUIL SÉ GRUAMAAGUS DORCHA NÓ GEALAGUS TAITNEAMHACH?

AN BHFUIL AN SCÉALSUITE TAOBH ISTIGH,

(I.E. SEOMRA LEAPA ANDYIN ‘TOY STORY’) NÓTAOBH AMUIGH?

PLÉIGH SCANNÁIN AGUS SUÍOMHANNA EILE I SCÉALTA ATÁ AR EOLAS AGAT…

Pléigh na suíomhanna sna scannáin mhóréilimh seo:

PIRATES OF THE CARIBBEAN WALL-E

FINDING NEMO TOY STORY

SHREK LORD OF THE RINGS

THE BOY IN THE STRIPED PYJAMAS RATATOUILLE STAR WARS

HARRY POTTER

AN BHFUIL SÉ SUITEFAOIN TUATH,NÓ I GCATHAIR?

Page 34: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 5:LÉARÁIDÍ PLEANÁLA

Page 35: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

PLEAN LÉARÁIDE AINM:

Scríobh cén seat nó uillinncheamara a bheidh in úsáidagat agus an fáth atá leis...

UIMHIR NA LÍNE SA SCRIPT

Tarraing sceitse garbh den suíomh agat anseo...

ANOIS AN T-AM LEIS NA BILEOGA LÉARÁIDÍ PLEANÁLA A CHOMHLÁNÚ AGUS AN DÓIGH A MBEIDH DO SCÉAL NÓ DO LÍNTE SCRIPTE A SHAMHLÚ.

Page 36: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SAMPLA DE PHLEANLÉARÁIDE COMHLÁNAITHE

Tá gach bosca cosúil leis an scáileán teilifíse. Caithfidh tú an seat cuí agus an uillinn chuí a roghnúagus caithfidh tú an scáileán a líonadh.

Ná bíodh duine beag bídeach ar bith ar an scáileán.

Má tá beirt ag labhairt lena chéile, tugann siad aghaidhar a chéile; mar sin caithfidh tú taobh-amharc, srl. de na carachtair a tharraingt...

CUIMHNIGH...

Page 37: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

MEABHRÚCHÁIN FAOI SHEATANNA CEAMARA AGUS FAOI UILLINNEACHA CEAMARA Caithfidh tú a shocrú cad iad na seatanna

ceamara agus na huillinneacha ceamara abheidh in úsáid agat agus caithfidh tú na cinntí a dhéanann tú a mhíniú.

SEAT FADA

SEAT FADA

MEÁNSEAT SEAT TEANN

SEAT TEANN

POINTE FÉACHANA

SEAT TEANN

SEAT ÍSEAL

SEAT ARD

Page 38: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 6:LÉARÁIDÍ DEIRIDH

DO SCÉAL DIGITEACH

Page 39: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

Scríobh d’ainm agus uimhir na scripte ar chúl an leathanaigh i bpeann luaidhe nach bhfuil róthrom mar beidh sé le feiceáil ar an scanadh.

NÍ AR AN DÓIGH SEO...

GACH LEATHANACH AR AN DÓIGH SEO...

Smaoinigh ar an leathanach mar scáileán teilifíse nó pictiúrlainne. Caithfidh túan leathanach a líonadh agus a bheith ag smaoineamh ar gach rud ba mhaith leat a thaispeáint ar an scáileán.

CUIMHNIGH...

TÁ SÉ IN AM DUIT DOLÉARÁIDÍ DEIRIDH ADHÉANAMH...Caithfidh gach leathanach a bheith i dtreoshuíomh tírdhreacha (ar a thaobh). Déantar é seo sa dóigh nach mbeidh bearnaí gránna ag taobhanna na híomhá nó íomhánna bearrtha sa scéal digiteach deiridh.

Page 40: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CUIMHNIGH AR DO SHEATANNA CEAMARA AGUS AR D’UILLINNEACHA CEAMARA...

SEAT FADA

SEAT FADA

MEÁNSEAT SEAT TEANN

SEAT TEANN

POINTE FÉACHANA

SEAT TEANN

SEAT ÍSEAL

SEAT ARD

Page 41: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SAMPLAÍ DE GHOTHAÍ GNÚISEFAOI CHOINNE SEATANNA TEANNAR AGHAIDHEANNA...

Gothaí gnúise CHONCHÚIR RÍ

Gothaí gnúise CHÚ CHULAINN

Page 42: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 7:CLÁR SCÉIL A CHRUTHÚ

I STÍL GRINN

Page 43: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

SAMPLA DECHLÁR SCÉIL

Úsáideann an clár scéil samplach seo pictiúir ó ‘Cú Chulainn, an tSraith Bheoite’. Ba chóir go mbeidh a léaráidí féin agus a dtéacs féin ar chláir scéil na ndaltaí.

Page 44: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CLÁIR AN SCÉILIs sraitheog de phictiúir é clár scéil, mar aon le roinnt treorachaagus comhrá de ghnáth, a léiríonn na seatanna atá beartaithe doscannán, do chlár teilifíse nó do scéal digiteach.

ÚSÁID AN LEATHANACH SEO MAR THREOIR AGUS CLÁR ANSCÉIL Á DHÉANAMH AGAT.

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM

RADHARC 1Le

John Doolittle

1.

Is mise CIARA agus tá mé ag dul a insint daoibhcad é mar a fuair Cú Chulainn a ainm.

Cuir teideal anscéil agus

d’ainm sa chéadbhosca.

Cuiruimhreacha ar na boscaí

le huimhir na habairte nó líne nascripte a thaispeáint. Beidh sé seoina chuidiú agat lena chur in iúl

duit cá háit a bhfuil tú sa scéal.

Úsáid na boscaí téacs le téacs an scéil a chur isteach.

Is é líne 2 sa script a thaispeántar anseo.

Déan cinnte de go bhfuil napictiúir agus an abairt cheart nóan líne scripte ag meaitseáil, marshampla is é seo an pictiúr aléiríonn abairt 1 ón script.

Page 45: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

OSCAIL NA BOGEARRAÍ GREANNÁIN

Roghnaíonn na daltaí TEIMPLÉAD LEATHANAIGH agus tarraingíonn siad go dtí a gcéad leathanach é.

ROGHNAIGH TEIMPLÉAD LEATHANAIGH...

Cuir isteach ainm an scéil, uimhir an radhairc agus ainm an dalta sa chéad phainéal (bosca faoi choinne pictiúir).

PAINÉAL TEIDIL...

CLÁIR AN SCÉIL

LE TÚS A CHUR LEIS...

Mar a fuairCú Chulainn

a ainm

Radharc 1Le John Doolittle

Page 46: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CLÁIR AN SCÉIL

Uimhrigh na painéil aonair ar an leathanach. Úsáid an uirlislitreoireachta nó an uirlis bosca téacs chun é seo a dhéanamh.

Beidh siad seo ag comhfhreagairt do na habairtí i scéal nó i radharc an dalta, m. sh. an chéad phictiúr agus abairt a bheidh i bpainéal ‘1’, srl.

Tig le daltaí leathanaigh bhreise a chur isteach más gá agus an oiread painéal a bheidh de dhíth orthu a uimhriú.

UIMHRIGH NA PAINÉIL...

Aimsigh an comhfhillteán ar an líonra ríomhairí mar a bhfuilna léaráidí stóráilte.

CUIR PICTIÚIR ISTEACH...

Roghnaigh agus tarraing na pictiúirchuí isteach sna painéil uimhritheleis na habairtí a léiriú.

FÉACH SAMPLA AN CHLÁIRSCÉIL LENA FHÁIL AMACH CÁ HÁIT A GCUIRTEAR NA HUIMHREACHA.

Page 47: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CLÁIR AN SCÉIL

Tarraing bosca téacs isteach i bpainéal 1 agus clóscríobh an chéad abairt.

Lean ar aghaidh mar seo ag cur boscaí téacs isteach sna painéil atá fágtha go dtí go bhfuil téacs iomlán an scéil nó an radhairc curtha isteach. Ná cuir ach abairt amháin i ngach bosca téacs.

CUIR TÉACS AN SCÉIL ISTEACH...

Priontáil na cláir scéil sa dóigh go dtig leis na daltaí úsáid a bhaint astu mar threoir agus iad i mbun seisiún scéalaíochta le bogearraí íomhánna gluaiste amhail Movie Maker.

Formáidigh an téacs leis an dath, an cló, an méid srl. a athrú.

Sábháil an obair i bhfillteáncuí ar an ríomhaire.

SÁBHÁIL... PRIONTÁIL...

Lá amháin thug Culann, gabha,cuireadh chuig féasta do

Chonchúr, Rí agus d’iarr an Rí ar a laochra uilig, Setanta inameasc, teacht ina chuideachta.

ÚSÁIDBOSCAÍ TÉACSDON INSINT.

Téimis ar chosain airde chuig an fhéasta agus déanaigí cinnte de go n-imeoidh

gach duine le chéile. ÚSÁIDBOLGÁIN

CAINTE DONCHOMHRÁ.

Page 48: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

CEACHT 8:DO THIONSCADAL A CHURLE CHÉILE LE BOGEARRAÍ

DIGITEACHA SCÉALAÍOCHTA

Page 49: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DO THIONSCADAL A CHUR LE CHÉILE...

Ba chóir go mbeadh cóip a CLÁR SCÉIL priontáilte amach ag na daltaí agus iad ar na ríomhairí lena húsáid mar threoir.

TÚS A CHUR LEIS...

Oscail na bogearraí digiteacha scéalaíochta atá tú ag dul a úsáid, m.sh. Movie Maker, Photo Story, nó iMovie.

NA BOGEARRAÍ A OSCAILT

Tig le daltaí INSINT A THAIFEADADH taobh istigh den chlár ag baint úsáid as cluasáin le micreafóin.

Taifead gach abairt go haonarach agus tabhair ainm cuí archomhad fuaime gach abairte, m.sh. ABAIRT 1, ABAIRT 2, srl. … sa dóigh gur féidir gach comhad fuaime a aithint go simplímaidir lena bhfuil ann.

INSINT & FUAIMEANNA...

Page 50: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DO THIONSCADAL A CHUR LE CHÉILE...

Cuir isteach TEIDEAL TOSAIGH ina áirítear ainm an scéil, uimhir an radhairc agus ainm an dalta.

Formáidigh an teideal tríd an CHLÓ, an MHÉID, an DATH agus an T-AILÍNIÚ a athrú.

Ligeann Movie Maker & iMovie duit stíl bheoite an teidil (an dóigh a nochtann an teideal ar an scáileán agus an dóigh a dtéann sé as radharc) a athrú.

TEIDEAL TOSAIGH

SÁBHÁIL DO CHUID OIBRE go luath agus go minic mar cliseann ar ríomhairí, go háirithenuair atá comhaid ina bhfuil a lán pictiúr agus comhaid mhóra fuaime á láimhseáil acu.

OBAIR A SHÁBHÁIL

Aimsigh an comhfhillteán ar an líonra ríomhairí mar a bhfuil do phictiúir stóráilte. Iompórtáil na pictiúir a bheidh in úsáidagat i do scéal nó i do radharc isteach sa ríomhchlár.

CUIR PICTIÚIR LEIS

Tarraing pictiúir isteach san amlíne. Cuir san ord ceart iad ina mbeadh siad le feiceáil sa scéal.

Socraigh fad an phictiúir de réir fad na gearrthóige fuaime a bhaineann leis. Ba chóir go mbeadh an pictiúr atá in úsáid le habairt a léiriú le feiceáil ar an scáileán ar feadh fad na habairte guthaithe.

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINMRadharc 1

Le John Doolittle

Page 51: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DO THIONSCADAL A CHUR LE CHÉILE...

Is féidir le daltaí na róil éagsúla a scríobh a bhí acu féin agus ag daoine eile leis an scéal digiteach a dhéanamh.

FORMÁIDIGH AN TÉACS tríd an chló, an mhéid, an stíl, an dath agus an t-ailíniú a athrú.

Tig leat STÍL BHEOITE an téacs a athrú in Movie Maker & iMovie.

CUIR TÉACS LEIS...

TEIDIL DEIRIDH... AN CHRÍOCHArna stiúradh ag…

Léaráidí le…Arna insint ag…

Arna chur in eagar ag…

Mura bhfuil an scéal le taifeadadh agat, cuir téacs clóscríofa leis an scéal. Cuir gach abairt an scéilleis an phictiúr a léiríonn an abairt sin.

Má tá abairtí á nguthú, is féidir nach mbeidh ort téacs a chur ar na pictiúir, ach amháin má tá túag iarraidh roinnt fortheideal a chur isteach, m.sh. ainmneacha na gcarachtar nó logainmneacha. Formáidigh an téacs tríd an chló, an mhéid, an stíl, an dath agus an t-ailíniú a athrú.

ROGHNACH: tig le daltaí MAISÍOCHTAÍ SPEISIALTA a chur i bhfeidhm ar a bpictiúir leis an chuma atá orthu a athrú.

Mínigh gur ceart gan an iomarca maisíochtaí a úsáid agus é sin amháin le héifeacht an phictiúir a fheabhsú, m.sh. is féidir maisíochtaí a chur i bhfeidhm ar phictiúr le cuma ‘sheanda’ a chur orthu – is féidir go mbeidh sé seo fóirsteanach i gcás roinnt scéalta stairiúla.

MAISÍOCHTAÍ PICTIÚIR

Page 52: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DO THIONSCADAL A CHUR LE CHÉILE...

ROGHNACH: tig le daltaí TRASDULTA a chur i bhfeidhm in Movie Maker agusiMovie.

Is éifeacht é trasdul ar an dóigh a mbíonn pictiúr amháin ag meascadh isteach sa chéad phictiúr eile.

Is SAMPLAÍ DE THRASDULTA iad seo: leátán, síobán, druid isteach & druid amach.Is é atá i gceist le trasdul ná píosa den chuid dheiridh de ghearrthóg agus tús an chéad ghearrthóg eile a ghlacadh agus iad a chumasc trí stíleanna éagsúla trasdulta a úsáid.

TABHAIR FAOI DEARA: rachaidh trasdulta i bhfeidhm ar uainiú; mar sin de, beidh ar na daltaí an t-uainiú fuaime agus an t-uainiú pictiúir a shocrú arís i ndiaidh trasdulta a chur isteach.

TRASDULTATIG LE TRASDULTA

GLUAISEACHT A CHURLE SCÉAL DIGITEACH INABHFUIL GRIANGHRAIF.

Aimsigh an áit ar an líonra ríomhairí mar a bhfuil comhaid cheoil stóráilte. Tá roinnt ceoil ar fáil sa ríomhchlár PHOTO STORY.

Ligeann PHOTO STORY & IMOVIE duit ceol a chur leis, ceol a bheidh ag seinm fud fad an scéil, thíos faoin scéalaíocht.

Ní ligfidh MOVIE MAKER duit ach fuaimrian amháin a sheinm ag aon am amháin; ní bheidh tú ábalta, mar sin, ceol a chur leis ach amháin san áit nach bhfuil an insint ar siúl inti. Moltar duit píosaí gairide ceoil a úsáid le dul leis na teidil ag an tús agus ag an deireadh.

CUIR CEOL LEIS

Page 53: CEACHT 1: SEANCHAIS A PHLEANÁIL...ÉADAÍ NA GCEILTEACH Ba iad na 3 phíosa éadaigh ba ghnách leis na Ceiltigh a chaitheamh ná: Léinte glún ruaimnithe agus bróidnithe le dathanna

DO THIONSCADAL A CHUR LE CHÉILE...

MIONCHOIGEARTAIGH AON CHEOL NÓ FUAIM A ÚSÁIDTEAR SA SCÉAL.

Coigeartaigh leibhéil airde na gcomhad fuaime. Ba chóir go mbeadh an insint soiléir gan ceol tionlacain ar bith ag cur isteach ar an scéalaíocht.

Ligeann Movie Maker & iMovie duit an ceol a chéimniú isteach agus amach. Is smaoineamh maith é an ceol a chéimniú amach ag deireadh an scéil sa dóigh nachstopann sé go róthobann.

RÉAMHBHREATHNAIGH & PROFAIGH AN SCANNÁN.

Má tá athruithe ar bith le déanamh, déan anois sula ndéanann tú na scannáin a shábháil agus a easpórtáil.

Má tá téacs sa scéal, seiceáil é maidir le meancóga sa litriú nó sa ghramadach. Is féidir go laghdófar ar cháilíocht obair duine mar gheall ar earráidí cló.

SÁBHÁIL AN OBAIR DON UAIR DHEIRIDH SULA NDÉANANN TÚ É A EASPÓRTÁIL MAR SCANNÁN DÉANTA.

EASPÓRTÁIL AN OBAIR MAR CHOMHAD GLANSCARTHA SCANNÁNAÍOCHTA AR FÉIDIR É A SHEINM AR RÍOMHAIRE AR BITH.

Amharc ar na scannáin déanta ar theilgeoir sonraí le go mbainfidh an rang iomlán sult astu!

SIN É!